An Bóthar ó Thuaidh
An bóthar ó thuaidh, an bóthar ó thuaidh,
An bóthar ó thuaidh chun Tráighlí,
An bóthar ó thuaidh is an cómhngar a dtuaidh,
‘S an bóthar ó thuaidh chun Tráighlí,
An bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh,
An bóthar ó thuaidh chun Tráighlí,
An bóthar ó thuaidh ‘s an cómhngar a dtuaidh,
‘S an bóthar ó thuaidh chun Tráighlí,
II.
Is maith le Nóra fataí rósta,
Is maith le Nóra an t-ím leo,
Is maith le Nóra an-chuid feóla,
An bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, srl.
III.
Do ghearra-chos deas, do ghearra-chos deas,
Do ghearra-chos deas, a Nóra,
Do ghearra-chos deas ó ghlún go h-alt,
Is tá an leanbh ar fad go córach.
An bóthar ó thuaidh, srl.
IV.
Corruigh do chos is corruigh do chos,
Is corruigh do chos, a Sheáinín,
Corruigh do chos, do chroidhe ‘s do chorp,
Is beimíd go luath i dTráighlí.
An bóthar ó thuaidh, srl