Meitheals

Ag deireadh 2023 cuireadh tús le tionscnamh Meitheal Binneas. Tá sé mar aidhm ag na meithleacha ábhar ón mbailiúchán a thabhairt ar ais don phobal. Scaiptear agus pléitear an t-ábhar ag baint leas as an eolas agus stair áitiúil. Tá an chéad chéim de na meithleacha ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ag tosnú leis an Lóthar agus an Gleann Mór, ina dhiaidh sin an Gleann agus Baile an Sceilg, an Dromaid agus ar deireadh níos déanaí sa bhliain Cathair Dónall. Déanfar trascríobh ar an eolas a bhaileofar agus cuirfear leis an gcartlann é. Úsáidfear an t-ábhar i bhfoilseacháin amach anseo agus chun cur ar an suíomh idirlín. Cruthófar léarscáil a léireoidh na háiteanna inspéise agus a bhfuil suntas ag baint leo ó thaobh stair cheoil an cheantair de. Mar shampla suíomh na rincí crosbhóthair, suíomhanna a luaitear san amhránaíocht nó daoine cáiliúla srl. Tugann Ealaín na Gaeltachta tacaíocht don tionscnamh.

At the end of 2023 the Binneas Meitheal initiative began. The aim of the meitheals is to bring material from the collection back into the community. The material is disseminated and discussed and local knowledge and history brought to bear on the material. The first phase of the meitheals is taking place in the gaeltacht areas starting with Loher and Glenmore, followed by The Glen and Ballinskelligs, Dromid and finally later on in the year Caherdaniel. The information gathered will be transcribed and added to the archive. The material will be used in future publications and for inclusion on the website. A map will be created pin-pointing the location of places of interest and significance with regards to the musical history of the area. For example the location of crossroad dances, sites mentioned in song or famous people etc. The initiative is supported by Ealaín na Gaeltachta.

Binneas meitheal’s community engagement initiative

A bhuí le deontas ón gComhairle Oidhreachta is féidir cuid mhór de Bhailiúchán Binneas a dhigitiú. Tá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal ar an suíomh idirlín anois.

Tá Binneas ag cur fáilte roimh úsáideoirí an tsuímh idirlín na hamhráin agus ábhar eile i mBailiúchán Binneas a thras-scríobh ar bhonn deonach. Tá téacsanna na n-amhrán scríte de lámh sa seanchló, agus nuair a bheidh siad tras-scríte sa chló nua-aimseartha, beidh úsáideoirí ábalta cuardach a dhéanamh ar théacsanna na n-amhrán ina n-iomláine seachas féachaint ar na lámhscríbhinní mar phictiúirí amháin.

Tá fáilte roimh eolas faoin ábhar féin chomh maith, mar go gcabhródh sé le tuiscint níos fearr air ina chomhthéacs stairiúil agus sóisialta. Is foinse eolais luachmhar é an t-eolas áitiúil pobail.

Baintear úsáid go coitianta anois as an tras-scríobh slua-fhoinsithe, i.e. baill den phobal ag tras-scríobh go deonach téacsanna lámhscríte. Déanann sé sin níos éasca don phobal teacht ar ábhar luachmhar cartlainne. Trí rannpháirtíocht an phobail ‘The Binneas meitheal’, de réir a chéile is féidir leis an bpobal, le taighdeoirí agus le daoine eile ar fud an domhain teacht níos éasca ar na téacsanna seo agus cuardach a dhéanamh orthu ina n-iomláine.

Bhí flaithiúlacht agus dea-thoil an phobail ríthábhachtach do Bhailiúchán Binneas. Leanann tionscnamh rannpháirtíochta pobail ‘The Binneas meitheal’ leis an traidisiún sin.

Más mian leat cabhrú le bailiúchán Binneas ar aon cheann de na slite luaite thuas, déan teagmháil le Binneas ag binneas@eircom.net.

A grant secured from The Heritage Council has enabled a large part of the Binneas Collection to be digitised. This material is now becoming publicly available on the website.

Binneas is inviting users of the site to transcribe, on a voluntary basis, the songs and other material in the Binneas Collection. The transcribing of the songs from the older Irish script into the modern script makes the material more accessible by enabling users to search the text of transcribed songs in their entirety as opposed to viewing the manuscripts as images only.

Information on the material is welcome, as this will allow a greater understanding of the material in its historical and social context. The local collective knowledge is an invaluable resource to draw on.

Crowdsourced transcription is a recognised approach that helps digital humanities projects to make valuable archive material more accessible to the public. As a result of the Binneas meitheal’s community engagement these texts are gradually becoming available to the community, researchers and others across the globe in a fully searchable format.

The generosity and goodwill of the community have been vital in amassing the Binneas Collection. The Binneas meitheal’s community engagement initiative continues that tradition.

If you would like to help the Binneas collection in any of the ways described above, please contact Binneas at binneas@eircom.net

Grianghraf de Mhicí ‘Cumba’ Ó Súilleabháin agus é óg, Cuan an Chaisleáin/Photograph of a young Micí 'Cumba' Ó Súilleabháin, Castlecove.