An Táiliúr Aerach
An gcualabhair , an gcualabhair, an gcualabhair an sgéal úd?
An gcualabhair , an gcualabhair, an gcualabhair an sgéal úd?
An gcualabhair , an gcualabhair, an gcualabhair an sgéal úd?
‘S gur éaluigh an táilliúr le bean an tinncéire?
Cur fá
Ding, dong, dedero, buail sin, séid seo;
Ding, dong, dedero, ding, dong, déro;
Ding, dong, dedero, buail sin, séid seo;
Ó’s d’imthigh mo bhean leis an dtáilliúr aerach.
Is geárr do chífead slighe ná casán,
‘S ní giorra ná do chífead puill i gcorcán,
Mar tá mo chroidhe ‘stigh lán de dhiombádh
‘S is mairg fear fíor-bhocht go mbíonn aige bean bhreágh.
Cur fá
Do bhíos chomh trom, chomh mall le haon-fhear;
Ní dhéanfadh mo chosa orm sodar fad téide;
Acht anois do thógfadh siolla de’n ghaoth mé,
Mar tá mo cheann mar bholgán béice.
Cur fá
Thugas seacht seachtmhaine ‘r mullach Chnuic Bhrénainn,
‘S gan de ghnó agam acht d’á haedharcht,
Acht do thuit mo chodladh orm lá breágh gréine,
‘S d’imthigh sí uaim leis an dtáilliúr aerach.
Cur fá
Cé siúd thall cois cloidhe na gréine?
Cé bheadh ann acht an táilliúr aereach?
Bean táilliúra & bean tinncéire,
Sin beirt bhan ná gabhann le chéile.
Cur fá
A bhean úd thall ‘san aprún gléigeal,
Dob’ fhearra dhuit filleadh ‘s na builg seo ‘shéideadh
Ná bheith ag imtheacht siar go hiarthar Éireann
I n-ainm an phiabhael leis an dtáilliúr aerach.
Cur fá
Tá a fonn ‘san “Complete Petrie Collection.”