An tUan Úd Shiobhán
Seo mar a d’inis Seán Usae an scéal i dtaobh bean a bhí ag bearradh
uain. Chuaigh sí isteach sa teach ag ithe císte ghriodail. D’fhág sí an
t-uan ceangailte amuigh sa chlós ach bhris sé an mhéaróg agus d’imigh
sé leis.
I
Is mór an scéal nua san áit.
An t-uan úd Shiobhán a d’imigh chun fáin,
Is gan bearrtha ach taobh de.
Gur le dúil san arán, a d’imigh is d’fhág
Is ar a casadh, níor fháil di é in aon bhall.
II
Cuartaigh an Gleann is an Ceapach lastall,
An Capall gan dabht, bíonn caoirigh ann.
Ó dheas chun na Beárnan, ní haistear daoibh gabháilt ann,
Beidh radharc ar an áit mór thimpeall.
Chun Póna na Stéige, mar is talamh mhór féir é.
Is as siúd go Cé na bhFaoiteach.
III
Fillídh thar nais ar na Cománaibh Theas
Is cuairtaigh i gceart na Camhna,
Mar is áit a bhíonn gar agus seitheacha ba,
‘Sé mo thuairim go bhfaighe sibh ann é.
Séamas Ó Súilleabháin Clochbhuaile a d’inis an scéal seo dá gharmhac Séamas.
Siobhán’s Lamb
Siobhán was shearing a lamb one day when she was seized with a great
desire to go into the house for a piece of hot griddle bread. While she
was inside didn’t the lamb break the tying and run away. Siobhán
couldn’t get light or sight of him. When Seán Usae heard the news he
composed this song.
I
There is great news going around –
Siobhán’s lamb that cannot be found.
She had such as craving for griddle-bread
That she left him half-shorn and bound,
But when she returned – no lamb on the ground.
II
Search Glenmore and Ceapach to the south,
Surely the Capall, there are plenty sheep.
Southward to Beárna, it isn’t a long journey,
You’ll have a view of the whole Glen beneath.
To the Pound of Staigue where there is plenty grass,
And from that to Cé na bhFaoíteach.
III
If you do not succeed turn back to Comanes
And be sure to search well in Cowna.
It is there you will find the skins of old cows.
I’m sure it is there your lamb will be found.
This story was told by James O’Sullivan, Cloughvoola.