Ar Mo Thaisteal Dom

Cois Carraig a’ Chucú anáirde

Im’ chónaí san áit seo, bím,

In Inse Fearann na gCléireach

Cois ardchnoc thall Coimín.

Ar dheis uaim tá coil Sheáin a’ Chárta

Eisc leathan agus Péicín,

Faill dhubh agus Tobar na Bearnan

Is Guaig Bhealach go Snaidhm

 

Ar mo thaobh chlé tá Drom a’ tSlé

Ceapach agus Ráithín,

Os mo chomhair amach ‘sea chím Loch Salach

Loch Capall agus Caincín.

In aice liom tá Garraí Cnapach

Bun na Coille agus an Rinn,

Cloch Bhuaile thuas is Mullach Lice

Is “leathan-loch álainn Luíoch.”

 

Raghad-sa soir an bóthar

Thar Gort na Meacanaí,

Thar Clab Adhairc’ is Carraig a’ radharc

Mar ‘fhásann na crann dairí.

Thuas ansan ar leacain chnoic

Scoil Scaire Chnocán an Iúir

Mar ar chónaigh fadó an Máistir Riobard

Is Tadhg Balbh ón Oileán Mór.

 

 

Tá Guala ard is Caisleán na gCruach

Cúim Buí is Tuar na bPraiscí

Fear Bréagach thuas ag fíor na spéire

Is Feadán na Ceannainne ag sní.

Tá Carraig an Ime agus Log na Speal

Strice agus Glaisí

Log na gCuileann is Inse na Tuile

Is Doire Dhoimhneach san bhforaois.

Chím Éisc na Teorann is Eisc na gCaithne

Mar ‘fhásann úillíní buí,

Páirc a’ Fóire is Inse na ‘Luachra

Tá lámh le Seana-Choill

I dTuairíní leis tá Carraig a’ Channa

Is Bogach a’ Ghearráin Rua,

Eisc a’ Chrainn is Cnocán a’ Scratha

Bun a’Bhaile is Eisc Chonchúir.

 

Do chaitheas m’óige go haoibhinn, aerach

Ag casadh na mbó is bailiú na gcaorach

Ag cruachadh na móna thíos sa ghaorthadh

Is ag sábháilt an fhéir sa mhóinéar mín.

Ach bhí orm imeacht don chathair mhór

Ar feadh naoi mbliain ag obair go crua

Ach d’fhilleas chuig mo dhúthaigh féin,

Measc ardchnoic álainn sa Ghleann Mór.