Fáilte agus fiche

Audio Block
Double-click here to upload or link to a .mp3. Learn more

FÁILTE AGUS FICHE

Tomás Rua Ó Súilleabháin

Fonn: An Réaltan Leanbach.

 

Fáilte is fiche is tuilleadh 'na ndeoidh,

Óm chroi sea chuirimse roimis an leon;

Is é an planda cumasach curanta cóir,

Is é Dónall Ó Conaill den bhoirbfhuil mhóir.

Is é an bile faoi bhláth dob áille snó

D'eascar go hard den ardfhuil chóir

‘Na dhragan gan cháim fuair barr in gach áit,

Is mó gairm is cáil i gClár Luirc beo.

 

Is, a Dhónaill Uí Chonaill, den bhorbfhuil mhór

An bás nár thige id ghaire go deo!

D'fhonn pléisiúr d'fheiscint ar do chuideachtain mhór

Gach bliain dá dtigeann faoi ghoirm faoi do dheoin.

Ní hionadh liúmsa tusa faoi scóp,

Is iad fheiscint ina dtrúpa chughat sa ród,

Craobh chosanta chúil na bpobal ansiúd

Is é an seabhac gan smút is plúr na smól!

 

Beidh seinm ghalltrompa le fonn don leon,

Is na drumaí i dtiúin le lúchair romhat,

A bbfuil ó Charraig na Siúire go Siúnta an Chóibh,

Is go Corcaigh na long go mbeidh tús gach sceol.

Trasna faoi ghreann chum Seantí mhóir

Cois calaidh na habhann is i ngleannta ceo,

I nDaingean Ui Chüise beidh freastal is fuaim,

Ó thaistil sa Mhumhain ár bprionsa cóir.

 

Beidh tinte cnámh in Uíbh Ráthach romhat

I mbaile cois trá mar a mbeidh báire is ceol;

Ar Dhoire Fhionain aerach mar a dtriallfaidh sló,

Ar bnruach an Chalaidh sin, Carraig Ui Chróin,

Mar a dtigeann na táinte thar sáile ar seol,

Is an loingeas chun suain go Cuan Achaidh Mhóir

Niorbh aistear leo suí i dtigh an Phlaithbheartaigh thios.

Ag caitheamh chum di puins, fion is beoir!

“Fáilte agus Fiche” literally means “a welcome and twenty,” a phrase used to express a particularly warm and enthusiastic greeting. It conveys a sense of generous hospitality and heartfelt welcome. The song was composed by Tomás Rua Ó Súilleabháin in honour of Daniel O’Connell on his return from England. In the song, Ó Súilleabháin describes O’Connell as having “the rearguard of the people,” and expresses the pride and happiness felt by the Irish people for him, especially those in Iveragh. He declares that bonfires will be lit, toasts made, and great celebrations will take place.