Gearaltaigh na Gráige agus Inse Fearann na gCléireach, an Ghleib sa Ghleann Mór
Sa bhliain 1750 tháinig beirt dearthár, Seán ‘ac Mharcuis Mac Gearailt
agus Éamon ‘ac Mharcuis Mac Gearailt go Ciarraí ó Mhainistir
Fhearmaí i gCorcaigh. Chuireadar fúthu sa Ghráig sa Ghleann Mór
agus tugtaí Gráig na nGearaltach ar an áit mar is léir ó Amhrán na
nGearaltach. Ó Éamon a shíolraigh ár gClann. Seo mar a théann an
ghlúin ghinealaigh:
Éamon ‘ac Mharcuis,
Seán ‘ac Éamoin,
Muiris ‘ac Sheáin,
Micil ‘ac Mhuiris,
Tomás ‘ac Mhicil,
Mícheál ‘ac Thomáis.
Phós Seán ‘ac Éamoin bean de mhuintir Chonchúir Cuaineach (Cuaineach
nó Cuannach = comely, graceful, charming) agus bhí triúr mac acu,
Muiris, Seán Mór agus Éamon. Cuireadh na Gearaltaigh as seilbh as an
Ghráig mar go rabhadar ag póitseáil bradán san abhainn agus ag déanamh
súdaireachta ar chraicne na mbeithíoch. Ba ghnách coirt na gcrann dara a
úsáid chun súdaireachta agus bhí cosc ar sin, chomh fada agus is eol dom.
Bhíothas chun na Gearaltaigh a thabhairt ós comhair na cúirte mar gur rug
an Buitléireach, oifigeach custaim, seilbh ar na seithí gur chuir faoi ghlas
go daingean iad sa Teach Faire nó sa Watch House a bhí gairid dá thigh
féin sa Choireán thiar. Líon sé an t-aon fhuinneog a bhí ann le clocha.
24. The Fitzgeralds of Graigues and Inchfarranagleragh Glebe, Glenmore
In the year 1750 two brothers, John son of Marcus FitzGerald and
Éamon son of Marcus FitzGerald came into Kerry from Fermoy, Co.
Cork. They settled in the townland of Graigues in Glenmore so that the
place became known as Graigues of the Geraldines, as it is shown in the
Song of the Geraldines. Our Family is in direct line of descent from
Éamon. The line runs as follows:
Éamon son of Marcus
John son of Éamon
Maurice son of John
Micil son of Maurice
Thomas son of Micil
Michael son of Thomas.
John son of Éamon married an O’Connor woman of the O’Connor
Cuaineach or Cuannach which means comely, graceful, charming.
They had three sons, Maurice, Big John and Éamon.
The FitzGeralds were subsequently evicted from Graigues, some will
tell that it was for poaching salmon in the river, together with tanning
leather. The bark of the oak tree from the woods was used in tanning
and this was permitted only by licence. The FitzGeralds were to be
brought before the court, as Butler, a customs official seized the hides
and locked them into the “Watch House” in Waterville and he had the