Gleann Lím

Mícheál Ó Murchadha a thug an t-amhrán so dhom. Comhnuigheann sé ar an gCóradh Beag, - baile sa taobh thíar de Dhairbhre. Tá sé tuairim 80 blían de aois anois, 1934. Deir sé go mbíodh an t-amhrán de mheabhair cinn ag formhór de mhuíntir an oileáin le linn a óige. Seán Ó Siochfradha ab ainm do'n té a chúm é. Oileánnach ab eadh Seán, agus cuirfead síos cuid eile dá shaothar, agus faisneis i dtaobh a shaoghail i roinn eile de'n leabhar so. Ní amhránnidhe binn Mac Úí Murchadha, ach ón chuma a ndubhairt sé na focail, measaim go bhfhuil fonn an amhráin cosúil le "Kitty of Coleraine".

 

A shiuir mhilis mhaorda, gur bhinn liom do bhréithre

Suidh taoibh liom go leigh(f)ead duit ar néattoicht Gleann Lím,

Na bhfuil coillte le cheile, is a gcrann glasa sgéachtaint

Is na líonta a tabhairt éisc leo na slaodaibh ar dtír.

Cé chífeadh lá samhraidh, gach craobh glas a's plannda.

na h-éanlaithe labhairt ann, gach aon ar na crainn,

Tá'n naosgach sa cleabhair ann, an caol soir sa comhlann

Is an régaisín lom slachtmhar, sleamhain, dearg droighean.

 

 Bíonn ubhla bíonn sméara ag lúbadh na ngéaga

An gall-trúmpa ag séideadh gan staon ar a' bpíp.

I gúrsaí na gréine im siubhalaibh tá an sway aici

Ach a shiuir cluthmhar caiortha?, tá taobh le Loch Luíonn (?)

Bíonn marchuig ar standaibh gach maidin chum fiadhaigh ann

a's an ngadhair beaga ar thaobh chnuic i ndiaidh phuic a cloidhe,

Bíonn an cléir milis grianmhar ag éisteacht ban-riaghalta

Is cé déarfadh im dhiaidh-sé ná gur néata é Gleann Lím.

 

Bíonn na caol-chapaill stábla gléasta chun Ráis ann.

Cois taoibh na Trágha Báine aige máistir an Ghrínn

Bíonn 'déil ods' agus cáis ann na squéaranaibh gearrtha,

Agus leúsann áilne la faghail uaidh, gan cíos.

nuair a sheólann an t-árthach ó Cóstaibh na Spáinneach

Fí (?) thuairim na h-áite, chum lomhachta ar feadh mí

Bíonn rósta a's fíon Spáinneach agus beoir glan na cártaibh,

Ar bórdaibh deas meáirbil le faghail i nGleann Lím.

 

Nóta ar Gleann Lím.

Ionad Comhnuidhte na nGearaltach, Ridirí Ciarraidhe iseadh é. Tá an tig mór folamh anois, agus comhnuidheann an Ridir i Sasana. Do bhíodh an file ag obair ag an Ridire le linn a óige. Dar liom féin do chuir Seán Ó Siocfradha aguisín leis in bhfirinne nuair a bhí sé ag áireamh maitheasaí na h-áite - cé gur áit gleoite é gan aon agó.

Scriobhtar "Gleann Liaim" ueranta, agus aistrítear go William's Glen é. Ní aontuighim leis an litiriú san. "Lím" an fhuaim a chuireann seanóirí Dairbhre leis i gcomhnuidhe.

Seán M Magha