I was once in Glenmore

                

 Bhí Pádraig Ó Conaill, Peats Dhónail Shéartha, ó na Tuairíní in éineacht

le comharsa sa Choireán lá. Bé Pádraig an mac ab óige a bhí ag Dónal a

chuir faoi sna Tuairíní ar dtúis. Do fhluich an lá orthu agus chuadar

isteach i dtigh Pharthaláin Uí Chonchúir ar Ardán Huggard, ón

mbáistigh. Máire Ní Shúilleabháin Rúntach ó na Tuairíní a bhí pósta le

Parthalán agus tháinig muintir Chonchúir féin ó na Cáintíní. Mar sin ní

raibh aon chorrabhuais ar an mbeirt bualadh isteach chucu. Cé bhí istigh

rómpu ach driofúr Mháirea bhí pósta le goirid le Tomás Mhuiris Ó Sé ón

Lóthar. Chuir na comharsain ón Ghleann Mór ceist ceist uirthi conus mar

thaitnigh an saol sa Lóthar léi. D’fhreagair sí go h-indíreach mar seo iad.

 

“Bhíos tamall insan Gleann gan amhgar ná easnamh orm

Ach ag damhas lem’ chapall ins gach áit dá ngeobhainn.

Ba leathan mo shamhaisc ag ceann mo mhacha,

Seana-mholt reamhar gan aon am dá leagadh dhom,

Bainne buí gamhnach gan amhras i dtaisce dhom

Is níl amhras ná bladar ná gurb é an áit ab eoil”

 

Míníu: Samhaisc – seafaid ceithre bliana, go maith chun mairtfheola.

 

Gamhnach – Bó a bheadh ag tál i rith na bliana mar ná raibh aon ghamhain aici.

 

Inste ag Peats Dhónaill Shéartha Ó Conaill Ceapa na gCrann.

 

 

 

 

 

I was once in Glenmore

 

Pats Dhónail O’Connell from Tooreens and a neighbour were in

Waterville one day. Pats was the youngest son of Dónal who first

settled in Tooreens round 1840. The day rained and they went into Batt

Connor’s house on Huggard’s Height. Mary O’Sullivan Rúntach from

Tooreens was married to Batt. The Connors also came from Caunteens

in Glenmore and the neighbours were not slow to take shelter from the

rain. Whom should they meet inside but Mary’s sister Gobnait who

was recently married to Tomás Mhuiris O’Shea in Lohar. When the

neighbours from Tooreens asked her how she liked Lohar she

answered a trifle indirectly in the following verse.

 

“I was once in Glenmore without want or dependence

But riding my horse wherever I went,

My heifer for beef at the head of the Macha,

A fatted good wether above on the hill,

A stripper’s rich milk always there for the winter

And there is no doubt but the place was the best.”

 

Stripper: a cow not in calf that yields milk.

 

Taken down from Pats Dhónaill O’Connell.