Máire Ní Dhuibh agus Máire Chrón
Chuaigh Máire Chrón ó Ghleann Chárthaigh go Doire Fhíonáin leis an
cíos a dhíol lá. “Cad é an saghas talún atá agat?” arsa Máire Ní Dhuibh
léi. Do fhreagair Máire Chrón í ag cáineadh na talún mar nár
theas uaithi go n-ardófaí an cíos uirthi.
“Tá bascadh ‘na lár,
Agus báthadh’ na bhun,
A chúl leis an ngréin
Is a aghaidh ar an sioc”.
Más ea níor lig Máire Ní Dhuibh léithi é agus ar sise:
“Tá cois abhann síos ann,
Tá cois abhann suas ann
Foithin an lá fuar ann
Is fionnfhuaire an lá te.”
Prátaí an gnáth-bhia a bhíodh ag na daoine bochta an t-am úd.
“Cad é an saghas prátaí atá agaibh?” arsa Máire Ní Dhuibh
“Táim mion, fliuch, fánach, criochánach, piastach.
An ceann ramhar ‘na chailligh
Is an méid nár ith an seilmide
Dhóigh an ghrian iad.”
“Cad é an saghas fir atá agat? Arsa Máire Ní Dhuibh go foighneach.
“Fear fuar, fada, leadránach a chodlódh Earrach agus dhá
Gheimhreadh” do fhreagair Máire Chrón.
Is dócha nár ardaíoch an cíos ar Mháire Chrón an babhta san, a
bhuíochas san dá deisbhéalaí agus dá tráthúlacht cainte.
Bríd Bn. Uí Dhonnghaile
Ráithín
Máire Chrón, a tenant from Glencar, had to travel to Derrynane to pay
the rent to Máire Ní Dhuibh who owned the land in Glencar. At the
time Máire Ní Dhuibh had it in mind to raise the rent and she put the
direct question to Máire Chrón.
“What kind of land have you?”
Máire Chrón, who like Máire Ní Dhuibh could rhyme and compose,
started to dispraise Glencar as she hadn’t much money to pay a higher
rent.
“It has a morass in the middle
And a marsh at the bottom,
Its back to the sun
And its face to the frost.”
Máire Ní Dhuibh who knew well her property in Glencar, answered
praising the land.
“There is inch land above there
And good inch land below there
Shelter from the cold there
And shade from the sun.”
Potatoes were the main food at the time so Máire Ní Dhuibh asked her
tenant another direct question.
“What kind of potatoes have you?”
Máire Chrón answered without hesitation –
“They are small, wet, scattered, wormeaten,
The big ones empty in the middle
And what the snail didn’t eat
The sun destroyed.”
Máire Ní Dhuibh asked the third pointed question.
“What kind of man have you?”
“A cold, lanky, slow-going husband
Who would sleep a Spring and two Winters.”
We are not told if Máire Chrón got a rebate in her rent but she certainly
made a good case for it.
Written down from Mrs Bridie Donnelly, Raheen