Nead an Fhiolair
Le linn mo sheanathar, Éamon, bhíodh nead ag an bhiolar i bhFaill na
hInse in Inse Fearann na gCléireach sa Ghleann Mór. Dheineadh an
fiolar ár ar na huain óga san Earrach. Bheartaigh na fir nead an fhiolair
a scriosadh agus na huibheacha a bhriseadh inti, ach conas a thiocfaidís
ar an nead – ba shin í an cheist. Bhí an nead sa dreapa in áit achrannach
sa bhfaill is gan teacht ag éinne uirthi. B’í seo an tseift gur chinneadar
uirthi sa deireadh, fear a ligint síos i gcciseán chun an nead a scriosadh.
Fuaireadar ciseán láidir déanta de shlata choill is cheanglaíodar
muicirisí nó súgáin go daingean sa chiseán. Tháinig triúr fear láidir,
scafánta go bárr na haille agus fear óg aicillí leoleo, is gan é bheith ró-
throm.
Chuireadar eisean isteach sa chiseán agus corrán ina láimh aige chun é
féin a chosaint ar ionsaí an dá fhiolar, nuair a bheadh a nead á slad
aige. Rugadar triúr greim daingean ar cheann gach súgáin – bhíodar
san thuas ar bhárr na haille, achar maith in áirde ón dreapa mar a raibh
an nead. Ligeadar an ciseán anuas le cúram ar an dreapa.
Bhí an fear óg díreach ag scriosad na nide nuair a tháinig an fiolar de
sciúird ós a chionn, á ionnsaí go fíochmhar agus í ag scréachaigh le
teann feirge. Dhein an fear sa chiseán a dhícheall chun é féin a chosaint
uirthi – é ag bualadh roimis leis an gcorrán, ach ar mhí-ámharaí an
tsaoil, cad do thárla ná gur ghearr sé ceann des na súgáin.
Thug an fiolar fogha fíochmhar faoi arís. D’ardaigh sé an corrán in a
coinne, ach má dhein, nár ghearr sé súgán eile le méid a mhearathail.
Ní raibh fághta anois ach súgán amháin.
Bhí an triúr thuas as a meabhair le mí-fhoighne go n-imeódh fear an
chiseáin le faill síos is go marófaí é. Níor imigh.
D’éirigh leis an dream thuas am ciseán d’ardú agus gan de cheangal air
ach an t-aon súgán amháin. Tháinig fear an chiseáin slán ach an
mhaidin dár gcoinn chí a chuid gruaige chomh bán leis an sneachta
séidte.
Seán Rua Mac Gearailt ó Inse Fearann na gCléireach d’inis an scéal seo i Mí
Lúnasa 1989 agus an deich mbliain is ceithre fichid geall le bheith sroiste aige.
Ón a athair Jack Ned a chuala sé an scéal.
The Eagles’ Nest
In my grandfather’s time, Éamon of Inch, the eagle had a nest in the
Cliff above our house. That same eagle used to wreak havoc among
the young lambs in the Springtime. The men of Inch were determined
to destroy the eagle’s nest and to smash eggs in it. But how to get at
the nest – that was the big question. The nest was built on a narrow
ledge in a difficult location on the cliff, inaccessible to human beings.
After much thought this was the plan they finally came up with – to
Lower a man in a basket to rob the nest.
They got a fine new basket woven of hazel and they attached three
sling ropes firmly to it. Three strong men of the townland came to the
verge of the cliff. They had with them a lively, light young man who
would be let down in the basket with a reaping hook in his hand to
defend himself from attack while he was robbing the nest. The three
men above caught a firm grip on the end of each sling rope – they were
above on the verge of the cliff, a good bit above the ledge. They then
lowered the basket carefully on to the ledge.
The young man in the basket had just started robbing the nesst when
the eagle swooped down over him, attacking him fiercely and
screeching with rage. The young man did his best to defend himself,
striking out at her with the reaping hook, but as misfortune would
have it, what did he do but cut one of the sling ropes. The eagle made
another fierce rush at him. He raised the reaping hook again, but if he
did, in his fear and anxiety, didn’t he cut a second sling rope! He had
only one rope left now, holding up the basket. The three men on top
were nearly out of their mind, afraid the young man in the basket
would go down with the cliff and be killed. He wasn’t. The three at
the top succeeded in raising the basket with nothing holding it but one
solitary sling rope. The man in the basket came up safely without a
scratch but his head of hair was as white as driven snow.
Seán Rua FitzGerald told this story in July 1989 when he was nearly ninety years old.