Raithineach, a Bhean Bheag
Do chuireas mo ghearrachaile go Barra na hAoine
A d’iarraidh staimpí nó cácaí mísle.
Nuair a tháinig sí abhaile, ní bhlaisfeadh fear a’ tighe é,
Is raithineach, a bhean bheag, staimpí ‘s ím air.
Cur fá
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, staimpí ’gus ím air;
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, agus déanfaimíd an císte.
Tá tigh mór fairsiog I mBarra na hAoine;
Tá bean aca dh’á ghlanadh agus bean aca dh’á sgríobtha ann,
Is bean aca dh’á fhásgadh os cionn corcáin ar a díchioll,
Agus sean-bhean ar a corrogiob dh’á leathadh ar an ngríosaigh.
Cur fá arís.
Ní staimpí an t-arán so ná prátaí sgríobtha,
Acht plúr ó’n Spáinn trí áisíbh síoda;
An té íosfadh císte dhe ar maidin t’réis na hoidhche,
Do bhuaidhfeadh sé an rás ar thráigh mhóir na hAoine.
Cur fá arís.
Tá mná barr-fhionna i mBarra na hAoine,
Ní’l siad taitheach ar an staimpí seo scríobadh;
Meilid siad garbh é ‘s bíonn leacacha ‘na chroidhe istigh,
‘S bíonn cluig ar a gcarbail ar feadh lo-go-n-oidhche.
Cur fá arís.
Na mná fionna farsioga tá i mBarra na hAoine,
Ní gnó do chleachtaid siad staimpí do scríobadh;
Bíonn plúr geal na déise ‘ca i gcomhair na hoidhche,
Agus crústaí de’n tsórt sain go deó níor chuibhe dhóibh.
Cur fá arís.
Nuair a ghluaisigheann Máire, Siubhán agus Síle,
Nóra ‘gus Cáit, is sásta a bhíd siad;
An juga ar an gclár ‘s an cháirt d’á líonadh
‘S mo cheól go bráth sibh, a mhná, cois Aoine.
Cur fá:
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, staimpí ’gus ím air;
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
‘S is beag an mhaith an staimpí, mara mbeadh an t-ím air.